filmov
tv
Greatest Showman – This Is Me – Gaeilge

Показать описание
Cúrsa B 2k18 – Aimee Banks in éindí le cór / damhsoirí / ceoltóirí / drumadoirí an chúrsa. Liam Óg Ó hÓistín a bhí mar stiúrthóir ceoil. Hannah Ní Scolaí, Inga de Búrca & Caoimhe Caomhánach a bhí mar stiúrthóirí damhsa. James Greely a shocraigh na drumadóirí. Obair foirne uaidh gach aon duine ar chúrsa B, ó bhun go barr, a chuir an taispeantas draíochtúil seo i dtoll a chéile.
Liricí:
Ag iarra’ saol a bhaint amach
Imí, a deir siad
Mar tá’n doras seo faoi ghlas
Ag iarra’ dúshláin a sharú ach
Faraor, a deir said
Níl cumhacht agaibh tá sibh lag
Ná héist, ná bac ná bí i do thost
Ná glac go bhfuil tú riamh faoi locht
Caith’ muid bheith mórtasach
Nuair ‘tá na briathra faobhar do mo ghearradh domhain
Mé a’ gabháil a’ troid go deo, a’ gabháil a bheith in ann
Tríd na deor’ tá muid saor
Tá sí fíor ‘stigh nár gcroí
Seo’d a’ chaoi
Bíodh a’ad a’ tíocht nós tonn
Tá ár ndrumaí a’ainn, á mbualadh trom
Bíodh muid ann, gan fhaitíos
Seasa’ lenár mbrionglóidí
Seo’d a’ chaoi
Duine eile dhúinne déana’ cinneadh
Bhuel’ coinnigh ort, níl muid gortaí
Ort fhéin an náire sin
Muid a’ briseadh tríd na slabhraí
A’ scriosadh na srathair
Muid na Fianna
Laochra ‘tá ionainn
Ná héist, ná bac ná bí do thost
Ná glac go bhfuil tú riamh faoi locht
Caith’ muid bheith mórtasach
Nuair ‘tá na briathra faobhar do mo ghearradh domhain
Mé a’ gabháil a’ troid go deo - a’ gabháil a bheith in ann
Tríd na deor’ tá muid saor
Tá sí fíor ‘stigh nár gcroí
Seo’d a’ chaoi
Bíodh a’ad a’ tíocht nós tonn
Tá ár ndrumaí a’ainn, a mbualadh trom
Biobh muid ann, gan fhaitíos
Seasa’ lenar mbrionglóidí
Seo’d a’ chaoi
Комментарии