filmov
tv
MÁIRTÍN Ó CADHAIN / DALLAMULLÓG AR AN OCRAS
Показать описание
DALLAMULLÓG AR AN OCRAS // MÁIRTÍN Ó CADHAIN // MATTIA CUPELLI // BLEAR MOON // EOIN P Ó M // EMMA NÍ C //
Tá fotheidil Ghaeilge ar fáil thuas. Brúigh an chearnóg ar chlé ón ⚙️.
Eagarthóir Fuaime: Emma Ní Chearúil
Eagarthóir Físe agus Coincheap: Eoin P. Ó Murchú
Chomh maith le gearrthóga ó chláir faisnéise éagsúla faoin gCadhnach. Dallamullóg a chur ar an ocras 4:40
Ar mhaithe le hoideachas an t-amhrán seo agus cuimsítear na sleachta áirithe seo ann ar an mbonn sin.
0:00
0:46
Bhí sé ina scríbhneoir, ina mhúinteoir, ina shaighdiúir, ina scoláire, ina chinnire. Bhí chuile cháilíocht acu sin tugtha chun foirfeachta ann. Ba é an fear ba mhó é dar fáisceadh as an nGaeltacht ó bhí Éire fré chéile ina Gaeltacht…
1:21
Ar an mBean Sí, is ar an Lionnán Sí, ar an bhFear Gearr Glas, ar Thobar Dheireadh an Domhain a tógadh mé. Is minic a d’fhéachadh muid le dallamullóg a chur ar ár gcuid ocrais le gaiscí na bhFiann nó le míorúiltí dochreidtí.
1:55
Chaith mé cosamar c(h)úig bhliana i gcampaí géibhinn agus i bpríosúin. Ba chuide dho mo shaol ar fad é agus dho thaithí mo shaoil. Tá na rudaí sin chomh tréan ionam agus atá carraigreachaí agus cladach an Chnocáin Ghlais.
2:44
Is fíor go raibh eolas áirid agam freisin ar chúrsaí sóisialta. Bhí eolas agam ar Shéamas Ó Conghaile sílim mórán nó chuile shórt dár scríobh sé. Bhí Karl Marx léite agam caithfidh mé a rá agus roinnt le Engles agus daoine eile dho shóisialaigh an naoú céad déag.
3:22
An bealach oibre a bhí i gceist ná pé ar bith rud a theastaigh.
3:50
Is minic a d’fhéachadh muid le dallamullóg a chur ar ár gcuid ocrais le gaiscí na bhFiann.
4:05
Má chailleann muid an Ghaeilge, cailleann muid aon litríocht dúchais, ní bheidh sa litríocht ach litríocht Shasanach nó litríocht Mheiriceánach agus tá deireadh linn mar dhaoine agus an aisling a bhí ag chuile ghlúin Gael beidh deireadh léi go brách, sin é mo mheas-sa.
4:22
Ach níor ghéill Máirtín riamh don éadóchas. 'Níor dhúirt muide', ar sé, ‘muide Éireannaigh, gur throid muid ariamh an cath deireanach.'
4:37
Agus má fhaighim ionú ón uaigh uaibhéalach sin in Ard Jerome (in)a bhfuil mo bhean curtha, go mbeidh roinnt Éireannach ann amach anseo a choinneos ar a gcuid seilpeannaí é agus a léifeas é, corruair, b’fhéidir, agus ní féidir le scríbhneoir, mion ná mór, a bheith ag súil lena thuilleadh.
Tuilleadh eolais ar fáil anseo:
MÁIRTÍN Ó CADHAIN (1906 - 1970)
ÉISTEAR LENA GHLÓR

Комментарии