Cillín - Mo Ghrá Thú Inis Mór

preview_player
Показать описание
Amhrán ón CD Gaelcheol Tíre Phléaráca Chonamara (1994).

Thug daoine grá 's ómás dhuit ariamh anall sa saol,
Ó bádóirí 's togha na bhfear gan trácht ar na céadta naomh,
Ó teampaill agus mainistir atá go láidir fós ina seasamh ansin,
In ómós sliocht na sleacht sin ar Árainn Glas na Naomh.

Dá bhféadfainn a dhul chomh fada leat shásódh sin mo chroí,
Tá mé anseo i gConamara amuigh ag breathnú ort faoi dhraíocht,
Ó Iaráirne go dtí An Mainistir 's go Gort na gCapall siar,
's cér fhága tú na Seacht dTeampall ar Árainn Glas na Naomh?

Is tú an chloch sa mbearna farraige atá mo chosaint ar an treoir,
Is tú an foscadh ar an anachain, ar ancaire ar an ród,
Is tú na flaithis i lár na farraige áit sóláis croí 's anama,
Ní iarrfainn / dhéarfainn go deo ach ag breathnú ort, mo ghrá thú Inis Mór.

Crochfaidh mé mo sheolta 's tabharfad m'aghaidh ar Inis Mór,
Beidh mé ag iasach i mbarr na farraige ann 's san oíche i dteach an óil,
Beidh mé i gcomhluadar fir ghneanúla nach bhfaighinn tuirseach dhíobh go deo,
's gairmse bhur sláinte anois a phobal Inis Mór!
Рекомендации по теме
Комментарии
Автор

❤❤❤☘️☘️☘️, where can I but sheet music, le do thoil?

neebeeshaabookwayg