Edel Vaughan - A Chomaraigh Aoibhinn Ó | Kilfenora Beo | TG4

preview_player
Показать описание
Bhí athchraoladh de chlár an Kilfenora Céilí Band le feiceáil ar TG4 ar an 24/1 ag a 9.30pm. Bhí go leor ceoltóirí móra le rá ar an gclár, le Gary Shannon, Tim Collins & Ceoltóir Óg na Bliana Sharon Howley 2020 ina measc. Feictear damhsóirí ráthúla TikTok na deartháireacha Gardiner sa cheolchoirm seo freisin.

Here is a clip from a recent concert from the Kilfenora Céilí Band, which aired on TG4 Christmas 2020. Singer & musician Edel Vaughan performs A Chomaraigh Aoibhinn Ó.

FULL LYRICS:
Mo bheannacht ó chroí dod thír ’s dod shléibhtibh,
A Chomaraigh aoibhinn ó,
Is dod mhuintir shuairc ar dual dóibh féile,
A Chomaraigh aoibhinn ó,
Do shrutháin gheala ’s do choillte craobhach’,
Do ghleannta meala ’s do bhánta léire,
Ó, grá mo chroí iad súd le chéile,
A Chomaraigh aoibhinn ó.

Is dathúil breá do chruacha scéimhchruth’,
A Chomaraigh aoibhinn ó,
Nuair a lasaid suas le hamharc gréine,
A Chomaraigh aoibhinn ó,
Na faillte is leacain ar gach taobh díot,
Mar bhrata sróil le seodaibh gléasta,
Nuair a scaipeann an drúcht anuas ón spéir ort,
A Chomaraigh aoibhinn ó.

Do bhíos thar sáile seal i gcéin uait,
A Chomaraigh aoibhinn ó,
I ndúthaigh fáin ag déanamh saothair,
A Chomaraigh aoibhinn ó,
Ach b’obair tháir liom cnuasach gréithre,
I bhfad óm áit fé scáil do shléibhte,
Is chas mé arís ort, a phlúr na nDéise,
A Chomaraigh aoibhinn ó.

#KilfenoraBEO #TG4 #TradTG4 #CeolTG4
Рекомендации по теме
Комментарии
Автор

What a beautiful voice and such gentle music. Really enjoyed.
Thanks, Keep well
I love TG4
Jarlath Byrne

jarlathbyrne
Автор

It must be the Comeragh mountains ...thanks for the lyrics!
Beautifully sung !

estherdouglas
Автор

I’ve been searching everywhere for chords to this song. I can hear most of them by ear but not all of them. I’d love some help if anyone can share.

philthymcnasty