Léacht Uí Fhiaich: From Tom Fee to Tomás Ó Fiaich le John Cooney

preview_player
Показать описание
Ainmníodh Cultúrlann McAdam Ó Fiaich, a osclaíodh in 1991, in ómós don Chairdineál Ó Fiaich. Sa léacht seo, amharcfaidh an t-iriseoir agus staraí John Cooney ar luath laethanta an Chairdinéil agus an spéis mhór a bhí aige sa teanga.

Cultúrlann, which opened in 1991, was named in his memory of Cardinal O Fiaich. In this lecture, journalist and historian, John Cooney will look at the Cardinal’s formative years and his keen interest in the Irish language.

Maidir le John Cooney | About John Cooney

De réir an Ollaimh Terence Brown ina stair oifigiúil The Irish Times, 150 Years of Influence, tá John Cooney “chun tosaigh maidir le hábhar plé agus conspóide bríomhar a dhéanamh den reiligiún.” Ó tháinig sé go hÉirinn ó Albain in 1972, tá go leor scríofa aige ar “Na Trioblóidí” d’fhoilseacháin anseo in Éirinn agus sa Bhreatain lena n-áirítear The Glasgow Herald agus The Times. Tá sé ar an aon iriseoir amháin in Éirinn le bheith ina chomhfhreagraí creidimh don Irish Times agus don Irish Independent ar aon. Is é a scríobh John Charles McQuaid, Ruler of Catholic Ireland agus tá sé ag ullmhú na beathaisnéise Cardinal Tomás Ó Fiaich, Ireland’s Lost Peacemaker.

John Cooney is described by Professor Terence Brown in his official history of The Irish Times, 150 Years of Influence, as being “to the fore in making religion a subject of vigorous discussion and controversy.” Since coming to Ireland from Scotland in 1972 he has written extensively on “The Troubles” for Irish and British publications including The Glasgow Herald and The Times. He is the only journalist in Ireland to have been religion correspondent for both the Irish Times and the Irish Independent. The author of John Charles McQuaid, Ruler of Catholic Ireland, he is preparing a biography of Cardinal Tomás Ó Fiaich, Ireland’s Lost Peacemaker.

#Cultúrlann30 #Féile21
visit shbcf.ru